Tá na Gardaí i gCo Liatroma le scrúduithe dlí-eolaíochta a dhéanamh inniu ar óstán folamh an Shannon Key West i mbaile Rúscaí a ndearnadh damáiste dó de bharr dóiteáin aréir. 

Thug an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan le fios go ndearna a Roinn conradh leis an óstán le gairid le lóistín a chur ar fáil san óstán do 80 duine atá ag lorg tearmainn sa tír seo agus dúírt sé go bhfuil an dá shaol feicthe ag roinnt mhaith acu seo.

Thart ar 8 a chlog aréir a fuair na seirbhísí éigeandála scéal go raibh tine san óstán agus tá na Gardaí ag iarraidh a fháil amach ar d'aon turas a lasadh í.

Tuigtear go ndearna deatach ón tine an t-uafás damáiste do na ballaí.