Tá sé ráite ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Jeremy Corbyn go vótáilfidh a pháirtí in aghaidh mholtaí Theresa May maidir le dealú na Breataine ón Aontas Eorpach. Dé Máirt seo chugainn a bheas an vóta ar siúl i bParlaimint  Westminster.

Dúirt Jeremy Corbyn gur olltoghchán an rogha is fearr anois agus an chuma air go gcaillfidh an Príomh-Aire an vóta mór ar a cuid moltaí. Dar leis gur chóir do Rialtas na Breataine olltoghchán a ghairm sa chás sin. 

Déanfaidh Páirtí an Lucht Oibre iarracht rún mímhuiníne a chur síos sa Rialtas ag an tráth is mó a bheadh seans ann go n-éireodh leis, a dúirt sé.

Is ar 29 Márta atá an Bhreatain leis an Aontas Eorpach a fhágáil, ach d'fhéadfaí síneadh ama a chur le próiseas imeachta Airgeagal 50, a dúirt Jeremy Corbyn. 

Dheimhnigh sé go mbeadh an páirtí ag stocaireacht i bhfeachtas toghchánaíochta ar son tús a chur an athuair le hidirbheartaíocht faoi chomhaontú nua leis an Aontas Eorpach.

Bhí cruinniu ag an Tánaiste Simon Coveney le ceannaire an DUP Arlene Foster i Stormont tráthnóna. Dúirt sé níos luaithe go bhfuil lucht gnó, ceardchumainn agus feirmeoirí ag rá leis gur mhaith leo go nglacfaí leis an gcomhaontú i Westminster seachas aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht.

Ag labhairt dó ag comhdháil do lucht gnó i mBaile Átha Cliath tráthnóna, dúirt Feisire Parlaiminte an Pháirtí Choimeádaigh Boris Johnson nach bhfuil teorainn chrua in Éirinn ag teastáil ó dhuine ar bith agus nach gcuirfidh duine ar bith i bhfeidhm í.