Dúradh ag coiste cróineára faoi cheathrar turasóirí as na Stáit Aontaithe a bhásaigh i dtionóisc bhóthair i gCo Loch Garman go raibh siad ag iarraidh casadh thart ar an bpríomhbhóthar idir Ros Láir agus Port Láirge nuair a tharla an timpiste.

Bhásaigh Douglas agus Lily Alexander agus beirt mhac leo - Douglas agus Stephen - nuair a bhuail an carr ina raibh siad ag taisteal agus leoraí faoina chéile ar bhóthar an N59 ar 4 Nollaig 2017.

Bhí an ceathrar tagtha as Meiriceá le freastal ar shochraid duine muinteartha leo.