Tá drochbhail san ospidéal i gcónaí ar fhear 27 bliain d'aois a lámhachadh i mBré, Co Chill Mhantáin, ag thart ar 8.45 aréir.

Tuigtear go raibh an fear ina shuí i suíochán an phaisinéara i gcarr nuair a tháinig carr eile agus gur chaith fear roinnt urchar tríd an bhfuinneog leis.

Gortaíodh an fear sa cholainn agus sa chliabhrach.

Fear é a bhfuil aithne ag na Gardaí air.