Tugadh fear 32 bliain d'aois os comhair cúirte agus é cúisithe i ndúnmharú a mháthar i mBaile Átha Fhirdia, Co Lú, dhá lá ó shin.

Cuireadh Tomasz Piotrowski siar faoi choinneáil go ceann seachtaine. Dúirt a aturnae sa chúirt go raibh imní mhór air faoi mheabhairshláinte a chliaint. 

D'ordaigh an Breitheamh John Cheatle go gcuirfí an cúram leighis cuí ar Tomasz Piotrowski. 

hIonsaíodh agus maraíodh Elzbieta Piotrowska, a bhí 57 bliain agus arbh as an bPolainn di, ina teach cónaithe i mBaile Átha Fhirdia.