Tá an Dr Suzanne Cotter ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag moladh do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil vacsaín in aghaidh meiningítis faighte ag a gclann.

Dúirt an Dr Cotter go bhfuil ardú ar an líon daoine a bhfuil an galar tolgtha acu le coicís. 

Dúirt sí go bhfuil an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte curtha ar an eolas faoi aon chás déag den ghalar meiningeacocúil ó dheireadh mhí na Nollag agus go raibh triúr básaithe dá bharr. 

Thug an Dr Cotter le fios nach bhfuil an oiread páistí ag fáil na vacsaíne le roinnt blianta agus nach bhfuil a fhios cén t-údar atá leis seo.