Tá imní léirithe ag comhlachtaí árachais nach bhfuil aon dlús á chur le hathruithe sa tionscal a bhfuil sé d'aidhm leo laghdú a chur ar an méid airgid á íoctar ar éilimh a dhéantar ar na comhlachtaí.

Dúirt eagraíocht ionadaíochta na gcomhlachtaí Insurance Ireland nach bhfuil na leasuithe a bhí geallta déanta fós agus gurb iad na custaiméirí atá siar leis. 

Dúirt an tAire Stáit a bhfui cúraimí árachais air Michael D'Arcy nach n-aontaíonn sé go bhfuil an Rialtas ag tarraingt na gcos ar an ábhar seo agus dúirt sé nach bhfuil sé ach ceithre mhí ó moladh na hathruithe a dhéanamh ar an tionscal árachais.