Le hIrene Ní Nualláin

Chuir an tUachtarán Micheal D Higgins tús oifigiúil leis an 55ú Comórtas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta san RDS i mBaile Átha Cliath inniu. Roghnaíodh 550 togra as 1,800 iarratas le cur ar taispeáint san RDS agus fógrófar an buaiteoir Dé hAoine. 

Is iomaí ábhar atá roghnaithe ag na daltaí scoile i mbliana - róbat ilfheidhmeach atá in ann sceitheadh gáis a aithint, an impleacht atá ag na meáin shoisialta ar íomha choirp déagóirí agus mata codalta atá téite ag an ngrian do dhaoine gan dídean ... i measc go leor eile.

Mata codlata grianchumhachtaithe cruthaithe ag Amy Costello agus Amelie Flavin ó Choláiste na Críche, Loch Garman

Rinne daltaí ó Phobalscoil Ghaobh Dobhair i nDún na nGall measúnú ar staid na Gaeilge i measc dhéagóirí na Gaeltachta.

Deir duine de na daltaí Gráinne Ní Ghallchóir go bhfuil cuid mhór daoine óga sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge ag a gcuid tuismitheoirí agus go n-iompaíonn siad féin ar an mBéarla dá bharr. Tá tionchar ag na meáin shóisialta ar an scéal chomh maith, a deir sí.

Chuaigh an dochar a rinne sciorradh talún in Inis Eoghain bliain go leith ó shin i gcion chomh mór sin ar Cholm Ó Gallachóir ó Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn gur shocraigh sé gléasra a dhearadh le dul i ngleic le tubaistí mar é. Déanann an gléasra an leibhéal uisce ar chnoic a mheas agus tugann sé fógra rabhaidh  do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i ngar dóibh go bhféadfadh sciorradh talún tarlú.

Colm Ó Gallachóir, Coláiste Ailigh

Is féidir leas a bhaint as an líon ard smugairlí leonmhongacha atá aimsithe i bhfarraigí na tíre le bliain, dar le mic léinn i nGaillimh. Tá collaigin d'ardchaighdeán sna smugairlí áirithe seo a bhféadfadh lucht déanta cosmaidí leas a bhaint as, a deir Ailbe Dooley agus Aoife Waldron ó Choláiste Iognáid i nGaillimh. 

Tá gléas cruthaithe ag Orlaith Ní Mhaolmhuaidh agus Hannah Ní Nualláin ó Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath a chuidíonn le daoine nach bhfuil radharc na súl acu bacanna atá sa bhealach orthu a aimsiú.

Tá ceithre chatagóir ar leith sa chomórtas - bitheolaíocht; ceimic, fisic agus mata; teicneolaíocht; agus iompar sóisialta. Tá 80 moltóir ann agus ag tabhairt suntais do thograí eiseamláireacha ach go háirithe a bheas siad.

Deir duine de na moltóirí an Dr Joe Barry go dtugann an comórtas muinín do na hiomaitheoirí agus go bhfeictear cuid de na déagóirí ag fás agus ag teacht isteach iontu féin de réir mar a théann an comórtas ar aghaidh.

Tá an taispeántas urraithe ag BT agus beidh sé ar siúl go dtí Dé Sathairn. Beidh cead isteach ag an bpobal ó amrarach.

€7,500 a gheobhas an buaiteoir nó na buaiteoirí agus beidh deis acu páirt a ghlacadh i gcomórtas Eolaí Óg na hEorpa sa Bhulgáir i mí Mheán Fómhair.