Sa Chúirt Uachtarach i mBéal Feirste inniu, diúltaíodh costais dlí a aisíoc le hiar-imreoirí rugbaí na hÉireann Paddy Jackson agus Stuart Olding a fuarthas neamhchiontach i gcás éignithe i Márta na bliana seo.

Chuir foirne rugbaí Uladh agus na hÉireann deireadh le conarthaí na beirte ina dhiaidh sin agus mhaígh na himreoirí go raibh caillteanas mór airgid orthu de bharr na trialach.

Tá siad beirt ag imirt le foirne sa Fhrainc anois.

Meastar gur bhain costais £450,000 le cosaint Paddy Jackson agus £150,000 le cosaint Stuart Olding.

Is cosúil go mbeidh cead ag an mbeirt achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh gan a gcuid costas a íoc leo.