Tá bagairt déanta ag Rialtas na Breataine go bhféadfadh sé go gcuirfí as go mór do chalafoirt na Breataine ar feadh 6 mhí ar a laghad, má fhágann an Bhreatain an tAontas Eorpach (AE) gan aon mhargadh.

Dearbhaíodh inniu go vótáilfear ar shocrú Brexit, i bParlaimint Westminster Dé Máirt seo chugainn.

Tá an socrú i dtaca leis an gcúl stad ag cothú cuid mhór aighnis is léir.

Dúirt Aire Sláinte na Breataine, Matt Hancock go raibh an Rialtas ag déanamh a machnaimh ar phleananna i dtaca le cogaslainn, go ndéanfaí drugaí áirithe a chiondáil lena chinntiú go mbeadh fáil ag othair orthu i gcás ganntan.

Tuigtear go mbeidh an díospóireacht tréan Dé Máirt seo chugainn

Dúirt sé freisin go léiríonn fadhbanna a d'fhéadfadh tarlú, gur chóir glacadh le plean Phríomh Aire na Breataine,Theresa May.

Tá airí i rialtas Theresa May ag iarraidh tacaíocht a bhailiú ar fud na Breataine do Chomhaontú an Bhreatimeachta leis an Aontas Eorpach.

I dteannta an Aire Hancock bhí an tAire Oifig Rialtais, David Lidington agus cathaoirleach an pháirtí Chaomhaigh Brandon Lewis i mBéal Feirste ag iarraidh buntáistí an chomhaontaithe a mhíniú do lucht gnó ansin.

Brat an Aontais agus 'Big Ben' sa chúlra Is gearr eile anois a bheidh an brat ann is léir

Ach tá an páirtí is mó tacaíochta sa Tuaisceart faoi láthair, an DUP, i gcoinne an tsocraithe i gcónaí.

Agus níl morán dóchais ann anois go n-éireoidh leis an vóta le glacadh leis an socrú Dé Máirt seo chugainn.