Ciontaíodh fear (53) faoi fhuadach agus príosúnú mídhleathach a tharla i gCo.Bhaile Átha Cliath 4 bliana ó shin.

Bhí tréaspas séanta ag Paschal Kelly, ón Mhuinchillle, Co. An Chábháin maidir le heachtra i Mullach Íde i 2014.

Ach uair a chloig agus 40 nóiméad a chaith an giúiré i mbun machnaimh agus fuair siad ciontach é sna cúiseanna ar fad.

D'fhuadaigh Kelly máistreás poist, Susan Lawlor; a hiníon Emma Carter;agus mac léinn Iodálach, Gabriella Saisa; i Mullach Íde i Meán Fómhair 2014.

Ghoid sé airgead ó oifig poist i gCill Fhionntain, tuaisceart Bhaile Átha Cliath ansin ina dhiaidh sin.

Bhí an oifig sin faoi úinéaracht Susan Lawlor.

Bhagair Kelly freisin go maródh sé an triúr ban.

Gearrfar píonós ar Kelly i mí Eanáir.