Dúirt an eagraíocht, 'Médecins Sans Frontières' go raibh orthu deireadh a chur leis an tarrtháil a bhí an bád, an Aquarius a dhéanamh ar theifigh sa Meánmhuir.

Cuireadh bac ar an mbád theacht i dtír san Iodáil tamall ó shin agus dúradh go raibh an tseirbhís a bhí na báid tarrthála a chur ar fáil ar aon dul le seirbhís tacsaí do na teifigh.

Dúirt Médecins Sans Frontières go bhfuil teipthe ar thíortha an Aontais Eorpaigh faoi cheannas na hIodáile seirbhís cheart tarrthála dá gcuid fhéin a chur ar fáil.

Tá siad ansin ag stopadh na n-iarrachtaí le daoine a thabhairt slán sa Meánmhuir.