Tá príomhoifigeach airgeadais chomhlacht Telecom na Síne le tabhairt os comhair cúirte i gCeanada inniu.

Tá Meng Wanzhou faoi choinneáil ar iarratas óna Stáit Aontaithe.

Tá siadsan ag iarraidh go n-eiseachadfaí í go Meiriceá mar gheall a dúradh gur sháraigh sí smachtbhannaí Mheiriceá in aghaidh na hIaráine.

Dúirt comhlacht na Síne, Huawei go bhfuil sé míreasúnach go bhfuil sí tógtha i gCeanada agus go bhfuiltear ag iarraidh brú a chur ar an gcomhlacht.

Tá tuilleadh teannais idir Meiriceá agus an tSín ó tógadh an t-oifigeach.

Tá corraíl cothaithe aige ar na margaí airgeadais ar fud an domhain.