Tuigtear gur chuardaigh Gardaí teach cónaithe in iarthar Cho.Dhún na nGall an tseachtain seo mar chuid de fhiosrúchán náisiúnta atá ar bun acu.

Dúirt preasoifig an Gharda Síochána le RTÉ Raidió na Gaeltachta nach mbeidh aon eolas á thabhairt aige faoin chuardach ar theach cónaithe ag an phointe seo; sin de bharr nádúr an fhiosrcúcháin.

'Tá sé sin ag leanacht ar aghaidh go fóill' a dúradh.

Tuigtear gur thóg gardaí roinnt ábhar ón teach cónaithe.

Tá ráiteas le déanamh faoin bhfiosrúchán seo go luath.