Sa gcúirt choiriúil chuarda i nGaillimh éisteadh le tuilleadh fianaise tráthnóna i gcás fhear 38 bliain d'aois atá cúisithe in éigniú agus ionsaí gnéis agus dúshaothrú a dhéanamh ar chailín beag in iarthar na tíre idir 2014 agus 2015 nuair a bhí sí 13. 

Tá 20 cúis éagsúla á séanadh ag an bhfear.

Inniu chonaic an giúire, - seachtar ban agus cúigear fear, - tuilleadh agallaimh físe a déanadh leis an gcailín 3 bliana ó shin.

Dúirt an cailín go mbíodh an fear ag cuir téacsanna chuici go minic agus go mbíodh sé ag iarradh sé uirthi an t-ainm a bhí air a athrú ar a fón agus a chuid teachtaireachtaí a scriosadh.

Dúirt sé leis an gcailín gan insint d'éinne faoina raibh ar bun acu nó go gcaillfeadh sé chuile shórt a bhí aige.

Rinne an cailín cur síos ar an mbealach a ndeachaigh an mhí-úsáid in olcas.

Dúirt sí gur cheannaigh an fear bráisléad di leis an bhfocal "love" greanta air nuair a bhí sí 13.

Dúirt sí gur thosaigh an fear á crúbáil agus á pógadh agus go ndearna sé éigniú béil uirthi.

Dúirt sí gur éignigh sé sa mbéal í agus í ar sos scoile na Samhna i 2014.

Tá cuimhne aici ar an ócáid ar leith sin a dúirt sí mar go ndeacaigh sí amach lena cairde an tráthnóna sin.

Déanadh éigniú béil arís uirthi a dúirt sí mí na Nollag.

Bhí an leasainm 'Squirt' báiste aige uirthi a dúirt sí.

Fritheadh amach faoin mí-úsáid nuair a theip ar guthán an chailín agus d'iarr sí ar a matháir caoi a chur ar an bhfón.

Chonaic a máthair teachtaireachtaí nach raibh scriosta.

D'éirigh leis na Gardaí a theacht ar theachtaireachtaí eile a bhí scriosta.

Amárach déanfaidh abhcóide an chúisí croscheistiú ar an gcailín ar nasc-físe.