Deir cathaoirleach Cheantar Bardais na Gleanntach an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh nach raibh sa phróiseas achomhairc a bhí ag An Post maidir le dúnadh oifigí poist faoin tuath ach "cur i gcéill".

Deir an comhairleoir de chuid Shinn Féin in iarthar Dhún na nGall chomh maith go bhfuil an-díomá air nár bhain Fianna Fáil úsáid as a gcomhaontú soláthair agus muiníne le Fine Gael le tionchar a bheith acu ar an gcinneadh oifigí poist faoin tír a dhúnadh.

Bhí John Shéamais Ó Fearraigh ag tagairt don chinneadh a rinne An Post inniu oifig poist Bhun na Leaca i nGaoth Dobhair a dhúnadh, an chéad lá den athbhliain.

An 15ú de Mhí Mheán an Fómhair léirsigh níos mó ná 150 duine in aghaidh dhúnadh 2 oifig poist i nGaoth Dobhair.

Ach taobh istigh de 2 mhí, - agus ainneoin achomharc chuig an Post, - fógraíodh ag deireadh na míosa seo caite go mbeadh ceann acu, oifig An Bhun Bhig ag dúnadh. 

Inniu fógraíodh go bhfuil an dara ceann, - oifig Bhun na Leaca sa bparóiste céanna ag imeacht. 

Mí Lúnasa fógraíodh gur 17 oifig poist a dhúnfaí i nDún na nGall. 

Tá 6 cinn acu sa nGaeltacht nó ag freastal ar an nGaeltacht. Tá daoine gaibhte i mbun feachtais ag iarraidh an áis a choinneáil ar an mbonn sin, ach theip orthu.

I dteannta oifigí an Bhun Bhig agus Bhun na Leaca, dúnadh freisin an oifig poist i nGort a Choirce, in Ailt an Chorráin, i nDún Fionnachaidh agus i Mín an Aoire

Tá oifig Bhun na Leaca 6.6 km ó oifig poist Dhoirí Beaga, agus 15 km ó oifig poist An Fháil Charraigh.