Tá an chuideachta árachais Qudos as an Danmhairg tar éis admháil nach n-íocfaidh siad aon éileamh óna gcuid custaiméirí mar go bhfuil siad i mbun leachtaithe.

Tuairim is 50,000 in Éirinn a bhfuil polasaí acu le Qudos.

Tá sé 10 ó chláraigh siad don leachtú sa Danmhairg.

Árachas cairr is mó atá díolta acu le custaiméirí in Éirinn, tromlach mór an ghnó déanta acu le lucht bróicéireachta.

Más fíor dóibh féin tá na polasaithe fós bailí ach ní íocfaidh siad faic "faoi láthair" agus cuirfidh siad níos mó eolais ar fáil a deir siad faoi cheann coicíse.

Tá an Banc Ceannais "ag moladh go tréan" do dhaoine árachas a ghlacadh le cuideachta eile.

Deir Árachas Éireann gur faoin rialaitheoir sa Danmhairg aon neamairt atá déanta. Deir Príomhfheidhmeannach Árachas Éireann Kevin Thompson go bhfuil baol mór ann nach bhfuil an t-airgead ag Qudos lena gcuid dualgais do chustaiméirí a chomhlíonadh.

Deir seisean go mb’fhéidir go ngearrfadh bróicéir táille sa mbreis ar dhaoine lena bpolasaí a aistriú chuid cuideachta eile árachais.

Tá Qudos ag díol polasaithe in Éirinn le 5 bhliana anuas.