Tá Dónall Farmer, aisteoir agus stiúrthóir cumasach, tar éis bháis.

Sa sobaldráma Glenroe is mó a bhí aithne ag an bpobal air agus é sa bpáirt Fr Tim Devereux i dteannta Mick Lally agus Mary McEvoy agus Joe Lynch.

                                             Mick Lally i mbun na ceirde le Dónall Farmer

Thosaigh sé le RTÉ i 1964 agus seoladh as sin go dtí an BBC é le oiliúint a fháil sa léiriú agus stiúradh teilifíse.

Stiúraigh sé os cionn 50 mír den chlár The Riordans agus ceapadh ina Cheannasaí Drámaíochta in RTÉ é i 1971.

Bhí sé ina aisteoir go rialta ar stáitse agus ar scáileán, i leithéid Chúirt an Mheán Oíche, Ballykissangel, Lig Sinn i gCathú, Translations agus Remington Steele.

Bronnadh Gradam Teilifíse agus Raidió ‘Jacob’ faoi dhó air.

                  Dónall Farmer i gcuideachta Cyril Cusack agus Robert Carrickford i nGlenroe

Chaith sé tréimhse le Compántas Amharclann na Mainistreach agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Everyman i gCorcaigh, áit a mba ó dhúchás dó.

Bhí céim sa nGaeilge agus sa mBéarla aige as Coláiste na hOllscoile Corcaigh.

Maireann bean chéile Dhónaill, Eileen, agus a gclann Órla, Catherine agus Dónall.