Tá póilíní i bPáras na Fraince ag ceistiú fhear faoi bhás Éireannaigh a sáthadh inné sa gcathair.

John Dowling, a bhí 66, an té a maraíodh.

Bhí os cionn scór bliain caite aige i bPáras agus ba ghearr go raibh sé le éirí as an bpost a bhí aige ina léachtóir le Béarla agus Gnóthaí Idirnáisiúnta in Ollscoil Pôle Universitaire Léonard de Vinci.

Tuairiscítear gur sáthadh níos mó ná 10 n-uaire é agus gur scian sa scórnach a chur den tsaol é.

Bhásaigh sé ar an láthair, os comhair an choláiste phríobháideach i Courbevoie in iarthuaisceart Pháras thart ar am lóin.

Tá fear 37 bliain d’aois gafa ag na póilíní.

Is de bhunú na Pacastáine é agus bhíodh sé ina mhac léinn san ollscoil gur theip air agus gur díbríodh as an institiúid anuraidh é.