Ní bheidh Paddy Jackson, - a bhíodh le Cúige Uladh, - ag taisteal go Cathair na Gaillimhe an tseachtain seo cé go bhfuil an fhoireann nua lena bhfuil sé ag tabhairt aghaidh ar Chonnachta.

Níl Jackson san scuad atá roghnaithe ag Perpignan don chluiche Dé Sathairn sa Sportsground.

Bhí sé tugtha le fios le roinnt laethanta anuas ag an leathchúlaí go raibh sé "ag súil go mór imirt arís ar fhód na hÉireann" tar éis an chás cúirte i mBéal Feirste a chuir clabhsúr lena shaol imeartha lena chúige dúchais agus sa ngeansaí náisiúnta.

Foireann tánaisteach atá á cur thar sáile ag na Francaigh, - iad ag iompú a ndroim is cosúil ar Chorn an Dúshláin ar ardán na hEorpa, le díriú ar a Sraith féin.

In íochtar ar fad san Top 14 atá Perpignan agus iad buailte in 11 cluiche as a chéile.

Le mí nó mar sin tá luaidreáin ag treisiú i meáin an rugbaí sa bhFrainc gur gearr go mbeidh Paddy Jackson ag aistriú go cumann Lyon, atá sa 4ú áit sa tSraith faoi láthair.