Tá fear gafa ag póilíní i mbruachbhaile i bPáras faoi fhear a shá agus a mharú.

Tuairiscítear gur as Éirinn an té atá básaithe, gur 66 a bhí sé, agus gur léachtóir le Béarla a bhí ann in Ollscoil Pole Léonard de Vinci i Courbevoie in iarthuaisceart Pháras.

Fear 37 bliain d’aois, a rugadh sa bPacastáin, atá gafa. Bhí sé ina mhac léinn ag freastal ar an ollscoil.

Sádh an múinteoir sa scórnach níos mó ná uair amháin agus fritheadh an scian ag láthair an ionsaithe.