Tá Gardaí i mbun fiosraithe faoi eachtra ina líomhnaítear gur éigníodh bean i mBaile Átha Cliath oíche Dé Domhnaigh seo caite. As an nGearmáin don bhean. Tuairim is 25 atá sí.

Deirtear gur tharla an t-ionsaí agus í ag siúl i gceantar Theampall Chríost i lár na cathrach.

Deir sí gur casadh fear uirthi a shiúil cuid den bhelach léi ach a d’ionsaigh ansin í ar Shráid an Fhíona.

Tá Gardaí Shráid Caoimhín ag iarraidh labhairt le éinne a chonaic nó a chuala aon ní san áit, oíche Dé Domhnaigh nó moch maidin Dé Luain.