In san chomhairle dlí ar Brexit a fuair Rialtas na Breataine agus a b’éigean dóibh a fhoilsiú inniu, deirtear go bhféadfadh an socrú atá beartaithe faoi chúlstad leis an Aontas Eorpach le teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann, seasamh gan teorainn ama a bheith leis.

Inniu an dara lá de 5 lá díospóireachta ar Brexit i Westminster sula mbeidh vóta ar an margadh leis an Aontas Eorpach Dé Máirt seo chugainn.

Sa chomhairle dlí, - litir 6 leathanach, - deir Ard-Aighne na Breataine Geoffrey Cox nach bhfuil meicníocht sa chúlstad a ligfeadh don Ríocht Aontaithe an t-aontas custaim a fhágáil go dleathach gan socrú eile a bheith ina áit.

Deir sé gur mar sin an cás fiú má bhíonn na páirtithe i mbun comhráití ar feadh na mblianta, agus go gcreideann na páirtithe nach bhfuil seans ar bith ar réiteach.

Bhí teannas i dTeach na dTeachtaí i gcaitheamh an lae agus é curtha i leith Phríomhaire na Breataine go bhfuil sí ag ceilt fíricí an tsocraithe.

Bhí an DUP ar buille ag rá go bhfuil an chomhairle dlí tubaisteach.

Tá seasamh Theresa May lagaithe go mór i ndiaidh buillí an lae inné a thug ar an Rialtas an chomhairle dlí a fhoilsiú agus a thug ar Rialtas na Breataine cead a thabhairt d’fheisirí tionchar a bheith acu ar an slí chun cinn muna n-éiríonn le Theresa May an vóta a bhuachaint Dé Máirt.