Tá Club Chonradh na Gaeilge i mbaol a dhúnta muna dtacaíonn daoine leis a deir Rúnaí Choiste an Chlub, Dáire Ó Faogáin.

D’fhéadfaí nach mbeadh an club oscailte faoi cheann bliana muna dtagann daoine le hobair go deonach ann le himeachtaí a reachtáil agus le custaiméirí a mhealladh.

50 bliain ó shin a h-osclaíodh Club Chonradh na Gaeilge. Coiste deonach atá á reachtáil ó thús.

I gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath atá an Club, cé go bhfuil sé neamhspleách ar an gConradh.

Beidh cruinniú cinn bliana coiste agus baill Chlub Chonradh na Gaeilge ar siúl san oíche amárach.