Suífidh an Chúirt Uachtarach i gCathair na Gaillimhe mí an Mhárta seo chugainn agus is ann a éistfear an t-achomharc in aghaidh chinneadh an Bhord Pleanála cead a thabhairt den chéad chuid chuid de ionad sonraí a bhí beartaithe ar chostas €850 milliún i mBaile Átha an Rí.

Mí na Bealtaine seo caite d’fhógair Apple go raibh siad ag tarraingt siar ar fad as an togra, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag breithiúnas na Cúirte ar thograí dá leithéid amach anseo.

Beirt as Baile Átha an Rí, Sinéad Fitzpatrick agus Allan Daly, a rinne achainí chun na Cúirte Uachtaraí tar éis don Ard Chúirt an dúshlán a bhí tugtha acu in aghaidh chead pleanala Apple a chur go leataobh.

Sheas an Stát agus an Bord Pleanála in aghaidh achainí na beirte.