Bhí laghdú beag anuraidh ar astú gásanna tí-gloine in Éirinn de réir fhigiúirí nua ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA).

Ach deir an EPA nach gníomh de bharr pleanáil ba chúis leis sin, ach cúinsí gan choinne.

I 2017, 61 milliún tona gásanna tí-gloine a sceitheadh as Éirinn amach san atmasféar.

1% de laghdú é sin ar 2016. Ach bhí an tír fós 3 mhilliún tona os cionn an sprioc a bhí leagtha síos den bhliain.

Ní mór gníomhú gan mhoill i ngach earnáil a deir an EPA le spriocanna carbóin a aimsiú do 2020, 2030 agus 2050.

Aimsir bhreá, níos teo ná mar is iondúil anuraidh, an chúis ba mhó leis an dea-scéal.

Ina theannta sin, tháinig lagú ar luach sterling de bharr Brexit, agus laghdú dá réir ar líon na ndaoine ag gabháil thar teorann ag ceannacht breosla.

Léiríonn an taighde gur tháinig 21% de laghdú ar ghual á dhó i stáisiúin leictreachais agus 6% de laghdú ar mhóin á dó.

Sin 9% de laghdú san iomlán ar astú carbóin ó ghiniúint leictreachais. 436 gram CO2 atá anois á astadh de réir an KW cumhachta, - an leibhéal is ísle riamh.

Ach tháinig 2.9% d’ardú ar astú ón talmhaíocht. I 2017, tháinig 3.1% d’ardú ar líon na mbeithígh bhainne sa tír.

Le 5 bhliana anuas, tá 26% d’ardú tagtha ar líon na mbeithígh bhainne, agus sin é a deir an taighde is cúis le 10% d’ardú ar astú gásanna tí-gloine ón earnáil talmhaíochta.