Tá bád iascaigh as Ciarraí tógtha ag Cabhlach na hÉireann 170 muirmhíle siar ó Charn Uí Néid i gCorcaigh.

Tá an soithíoch tugtha chomh fada le Cé an Daingin ó mhaidin tar éis don  LÉ Samuel Beckett í a thionlacan go caladh.

Gabhadh an bád faoi rialacháin iascaigh a sháraigh ach níl an Cabhlach sásta an chúis a phlé.

Tá an bád tógtha ar lámh anois ag Gardaí an Daingin.

Bád as an áit, agus criú as an áit, atá gafa.

5 bhád iascaigh a gabhadh go dtí seo i mbliana sa réigiún.