Níl an t-infrastructúr ná na beartais chuí á gcur in áit le cúram ceart a thabhairt d'othair a mbeidh seirbhísí ginmhillte ag teastáil uatha óna gcuid dochtúirí teaghlaigh, a deir an Dochtúir Austin O'Kennedy a bhfuil íoclann aige i mBaile Dhún na nGall.

Dúirt an Dr. O'Kennedy le RTÉ RnaG nach bhfuil ach roinnt seachtainí ann go mbeidh an rialtas ag súil go mbeidh dochtúirí teaghlaigh ag soláthar na seirbhísí sin, agus gan na hullmhúcháin chuí déanta go fóill a dúirt sé.

Níl treoir ar bith tugtha do dhochtúirí teaghlaigh maidir le ginmhilleadh de, níl tacaíochtaí síceolaíochta curtha i bhfeidhm mar a bhí geallta, agus níl na háiseanna ar fad atá ag teastáil ar fáil do dhochtúirí, a dúirt an Dochtúir.

Níor cheart go mbeadh ar dhochtúirí teaghlaigh na seirbhísí a sholáthar ina gcuid íoclanna, a dúirt sé.

Ba cheart go mbeadh clinic faoi leith i Leitir Ceanainn agus i Sligeach d'othair a bhfuil ginmhilleadh ag teastáil uathu le cinntiú go bhfuil an cúram ceart agus na seirbhísí cearta curtha ar fáil dóibh, a dúirt an Dochtúir O' Kennedy.