Lámhachadh agus maraíodh fear in aice le scoil dara leibhéal in iarthar Bhéal Feirste tráthnóna.

Tuigtear go raibh an fear i ngluaisteán a bhí páirceáilte gar do Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna nuair a scaoileadh suas le sé philéar leis ag thart ar 3 a chlog. 

Bhí daltaí ón scoil ar a mbealach abhaile ag an am. 

Bhásaigh an fear ar an láthair. 

Deir na póilíní go bhfuil siad ag iarraidh labhairt le fear os cionn 40 bliain d'aois a raibh veist shofheichthe á caitheamh aige.

Tá an marú cáinte ag Sinn Féin agus ag an SDLP.