Deir Iontaobhas Peter McVerry gur chuidigh siad le suas le 5,000 duine anuraidh, ar ardú 40% é ón mbliain 2011.

D'oscail an carthanas trí árasán sóisialta déag i lár chathair Bhaile Áth Cliath inniu. Cuirfear na harasáin ar fáil do dhaoine gan dídean.

Thug an eagraíocht le fios go bhfuil breis cúnaimh ag teastáil uathu tuilleadh arasán a chur fáil ar fáil sa chathair.

Sheol Iontaobhas Peter McVerry a dtuarascáil bhliantúil inniu chomh maith.