Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarma príosúin cúig bliana ar fheirmeoir as Ciarraí, Michael Ferris, faoina chomharsa a mharú le teiliompróir. 

Bhain an marú le haighneas faoi thorann mór a bhí ag teacht ó mheaisín a húsáideadh le préacháin a ruaigeadh.

I gcúirt i dTrá Lí mí go leith ó shin, ciontaíodh Michael Ferris, 63 bliain d'aois, neamhchiontach i ndúnmharú Anthony O'Mahony, 73 bliain, ach ciontach ina dhúnorgain i Ráth Tuaidh, An Baile Dubh, Co Chiarraí, i mí Aibreáin 2017.

Bhásaigh sé nuair a thiomáin Michael Ferris an teiliompróir a raibh spící fada air isteach ina charr.

Dúradh le linn na trialach go raibh an torann ón meaisín ina údar aighnis idir an bheirt agus go raibh sé ag cur as go mór do Michael Ferris ar feadh na mblianta. Dúradh gur iarr Michael Ferris ar Anthony O'Mahony go minic an meaisín a chasadh as ach nár thug sé aon aird air. 

Sé bliana a gearradh ar Michael Ferris sa chúirt inniu ach cuireadh an bhliain dheireanach ar fionraí.