Tá Cumann na nImreoirí Gaelacha (GPA) spréachta is cosúil le cinneadh Chumann Lúthchleas Gael (CLG) go mbeidh rialacha trialach i bhfeidhm le linn na Sraithe Náisiúnta Peile ag tús an Earraigh.

Deirtear go bhfuil cruinniú práinneach á lorg ag ceannaire Chumann na nImreoirí, Paul Flynn, le húdaráis CLG agus é ag rá gur i réamhchomórtais, seachas sa tSraith Náisiúnta ba cheart na rialacha trialach a thástáil.

An pas láimhe srianta sna rialacha trialach cáinte go láidir

Léiríonn suirbhé a rinne Cumann na nImreoirí is cosúil, go bhfuil tromlach imreoirí idirchontae na tíre glan in aghaidh na rialacha nua, go háirithe an pas láimhe srianta.