Tá sé deimhnithe ag Consalacht na hÉireann i nDeilí san India go mbeidh thart ar leathchéad duine ag tabhairt fianaise ag triail fir atá cúisithe i ndúnmharú Danielle McLaughlin as Co Dhún na nGall a fuarthas marbh ar thrá i nGoa sa bhliain 2017.

Bhí Danielle McLaughlin 28 bliain d'aois agus b'as Bun Cranncha ó dhúchas í. 

Thug an feachtas Justice for Danielle le fios gur thaistil ionadaithe ó Chonsalacht na hÉireann as Deilí go Goa le gairid le bheith i lathair ag cuid den triail mar a gheall an Taoiseach Leo Varadkar do mháthair Danielle, Andrea Brannigan.

Gheall an Taoiseach d'Andrea Brannigan níos luaithe i mbliana go dtacódh an Rialtas leis an teaghlach le linn na trialach agus go gcuideodh an Roinn Gnothaí Eachtracha eolas a thabhairt dóibh faoin gcás.

Tá fear 25 bliain d'aois, Vikat Bhagat, ar a thriail agus dúnmharú, éigniú agus gadaíocht curtha ina leith.