Gearrfar pionós i mí na Nollag ar fhear (37) a d'ionsaigh triúr ban i dtréimhse 11 lá tar éis dó bualadh leo ar an aip, Tinder.

Ciontaíodh Patrick Nevin sna coireanna seo a tharla i gContaetha na Mí agus Bhaile Átha Cliath i 2014.

Baineann an píonós an mhí seo chugainn le péire de na hionsaithe sin.

D'admhaigh Nevin gur éignigh sé bean amháin ina ghluaisteán i mBaile an Bheileogaigh i gCo. na Mí ar 12 Iúil 2014,agus go ndearna  sé ionsaí gnéis ar an dara bean in áit eile i gContae na Mí 4 lá ní ba dheireanaí.

Fuair giúire Patrick Nevin ciontach i Mí na Nollag 2017 in ionsaí gnéis a dhéanamh ar bhean eile i mBaile Átha Cliath ar an 23ú Iúil 2014.