skip to main content

'Baint ag dúnmharú fir i gCill Dara le haighneas Kinahan-Hutch'

Clive Staunton
Clive Staunton

Deir na Gardaí atá i mbun fiosraithe faoi mharú fir i gCo Chill Dara go gcreideann siad gur dúnmharaíodh é mar chuid den aighneas idir na buíonta coirpeach Kinahan agus Hutch.

Maraíodh Clive Staunton, a bhí leathchéad bliain d'aois, nuair a caitheadh sa cheann é agus é ag siúl isteach ina theach cónaithe i Léim an Bhradáin ag thart ar 9.15 aréir.

Deir na Gardaí nach raibh aon bhaint ag an bhfear le coiriúlacht ach gur caitheadh é de bharr go raibh gaol i bhfad amach aige le muintir Hutch.

Tá dhá ghluaisteán a fuarthas dóite i gCill Bhríde, Co Chill Mhantáin, á scrúdú mar chuid d'fhiosrúchán na nGardaí.

Mangaire sráide as lár chathair Bhaile Átha Cliath ó dhúchas ab ea Clive Staunton.