Tá tús curtha le coistí cróinéara faoi mharú 10 nduine i mBéal Feirste 47 bliain ó shin.
Tharla an sléacht i Lúnasa 1971, agus deirtear gur reisimint d'Arm na Breataine a bhí freagrach.
Bhí baill de theaghlaigh na ndaoine a maraíodh, i láthair i gCúirt Thaobh an Lagáin i mBéal Feirste ar maidin do thús na n-éisteachtaí.
An Balla Cuimhneacháin i mBaile Uí Mhurchú, BF
Deir na teaghlaigh uilig go raibh an chéad fhiosrúchán faoin uafás seo an-easpach.
Is faoi stiúradh an bhreithimh Siobhán Keegan atá na coistí seo agus deirtear go mairfidh an próiseas go Márta 2019.
An eachtra fhuilteach
Ó 2011, tá iarrachtaí ar bun coistí cróinéara a bhunú i leith na heachtra seo.
Tharla an eachtra fhuilteach seo 5 mhí roimh shléacht Dhomhnach na Fola i nDoire, ag tús na bliana 1972.
I measc an dreama a maraíodh bhí sagart Caitliceach, An tAthair Hugh Mullan, agus Joan Connolly, máthair ochtar clainne.