Tá rinceoir óg as iarthar Duibhneach ag tabhairt aghaidh siar go Nua-Eabhrac mar a mbeidh a sheó féin á léiriú ar Broadway aige ón tseachtain seo chugainn ar feadh 3 seachtainí. 

Bhain David Geaney, as an Daingean aitheantas amach ar an gclár Britain's Got Talent nuair a thug sé taispeántais spleodracha dá chuid scileanna sa rince Gaelach do na moltóirí - gan trácht ar na scórtha milliún lucht féachana a bhíonn ag faire ar an gclár teilifíse iomráiteach céanna. 

Sé David é fhéin a cheap gach céim den seó nua - ar a bhfuil Velocity bronnta mar theideal air. Teideal oiriúnach cinnte mar go bhfuil ar chumas an ógfhir seo cois agus 30 céim a bhualadh ar urlár in aon soicind amháin. 

Beidh buíon rinceoirí Velocity ag dul go Nua-Eabhrac Dé Máirt agus caithfidh siad mí ansin ag cur lucht féachana Broadway faoi dhraíocht.