Deir an comhlacht Eir i ráiteas inniu go bhfuil an clár leathanbhanda tuaithe ag staid an-luath go fóill agus go bhfuil an meánlíon den phobal atá ag glacadh leis an tseirbhís ag an leibhéal a bhí tuartha ag an chomhlacht.

Dúirt siad go bhfuil siad an-sásta leis an ghlacadh atá leis an tseirbhís. Tuairiscíodh ar maidin nach bhfuil glactha ach ag teach amháin as gach seacht dteach a bhfuil an tseirbhís snáth optach ar fáil dóibh leis an tseirbhís go dtí seo.

Is iomaí gearán a dhéantar faoi easpa seirbhís leathanbhanda ar ardluas i gceantair tuaithe, ach deir figiúraí a fuair nuachtán an Irish Times, ainneoin go bhfuil ceangal snáithín optach curtha ar fáil ag an chomhlacht Eir do 200,000 ionad ó thoisigh siad ar an chlár soláthar náisiúnta, nach bhfuil glactha ach ag 28,000 teach leis.

Sin teach amháin as achan seacht dteach. Figiúraí rud beag difriúil a thug an Roinn Cumarsáide dúinn a deir go bhfuil an líon daoine a bhfuil glactha acu leis an tseirbhís leathanbhanda tuaithe 'láidir'.

Deir siad gur 37,000 ionad a ghlac leis an an leathanbhanda as 175,000 tairiscint i ndeireadh mhí an Mheithimh. Dúirt an Roinn Cumarsáide go bhfuil an líon daoine a bhfuil glactha acu leis an tseirbhís  tuaithe 'láidir'. 

Deir saineolas ar an tionscal go bhfuil cúiseanna éagsúla leis an líon íseal áfach:

Dúirt Andy Caomhánach, Feidhmeannach Ríomhaireachta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  gur easpa eolais is mó is cúis leis agus nach dtuigeann go leor daoine go bhfuil an ceangal leathanbhanda chomh cóngarach dóibh.

Deir sé chomh maith, nach dtuigeann daoine na buntáistí iomlán breise a bhaineann leis, mar shampla gur féidir an teilifís a shruthú fríd an cheangal snáthoptaice. Cúis eile a bhaineann leis an líon íseal go fóill go bhfuil go leor daoine ceangailte isteach go foíll i gconarthaí le comhlachtaí eile a sholáthraíonn leathanbhanda faoin tuath.

I gcuid mhaith cásanna eile, tá seirbhís leathanbhanda cóngarach do thithe ar an phríomhbhealtaí tuaithe ach is faoin chustaiméir atá sé an ceangal a shíneadh chuig an teach.

Deir an comhlacht Eir i ráiteas inniu go bhfuil an clár leathanbhanda tuaithe ag staid an-luath go fóill agus go bhfuil an meánlíon den phobal atá ag glacadh leis an tseirbhís ag an leibhéal a bhí tuartha ag an chomhlacht.

Dúirt siad go bhfuil siad an-sásta leis an ghlacadh atá leis an tseirbhís & agus go bhfuil siad tiomanta don tseirbhís a bheith ar fáil do 300,000 teach roimh Mheitheamh na bliana seo chugainn

Dúirt an Roinn Cumarsáide ina ráiteas inniu nach bhfuil an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ag glacadh aon sos de bharr athrú aireachta. Tá athbhreithniú ar bun ar an tairiscint dheiridh agus t seo ag tarlú comhthreomhar le hathbhreithniú Smyth.

Tá an meastachán maidir le costas na tairisceana sin le críochnú i gceann roinnt seachtainí. Ina dhiaidh sin cuirfear moladh os comhair an rialtais agus déanfar cinneadh. Níl fírinne ar bith, a deir an ráiteas, go bhfuil cinneadh déanta cheana féin ag an rialtas.