Beidh coinbhinsiún Fhine Gael chun a n-iarrthóirí dos na toghcháin áitiúla i gCiarraí a roghnú ar siúl i dtús na míosa seo chugainn.

Beidh a gcoinbhinsiún acu do Cheantar an Daingin i Halla Pobail Lios Póil Dé Luain, an 3ú lá don Nollaig.

Beidh coinbhinsiún in Óstán River Island in Oileán Ciarraí ar an 7ú lá don Nollaig chun iarrthóir fhine Gael don gceantar sin a roghnú agus beidh coinbhinsiún ag an bpáirtí in Óstán Listowel Arms ar an 12ú lá don Nollaig chun iarrthóir i gceantar Lios Tuathail a phiocadh.

Níl dátaí roghnaithe fós do cheantair Neidín, Thrá lí ná Chill Áirne, ach is i mí Eanair a thionnólfar coinbhinsiúin na gceantar sin.