Dúirt an Comhairleoir Contae Seosamh Ó Cualáin agus ball de chomh choiste póilíneachta na Gaillimhe  go gcaithfear a chinntiú nach bhfuil aon ísliú céime i ndán d'aon stáisiún gardaí in Iarthar na Gaillimhe.  

Ba chóir breathnú ar na ceantair is gaire den bhaile mór, más rud é go mbíonn ísliú céime i ndán do bheairic ar bith a dúirt sé agus an ceannfort a thógáil as na stáisiúin sin.

Ní cheart a bheith ag díriú ar bheairicí atá dhá scór míle ó bhaile le freastal ar Chonamara a deir an Comhairleoir Ó Cualáin agus é  ag tagairt den scéala gur ceannfort amháin a bheidh ag freastal ar Réigiún Gardaí an Chlocháin agus Bhóthar na Trá anois.

Go dtí seo bhíodh a gceannfort féin ag an dá stáisiún. Beidh tuiscint mhaith ag lucht coiriúlachta ar an leagan amach a bheidh ar chúrsaí sna beairicí a deir Ó Cualáin a agus caithfear a chinntiú nach mbeidh sábháilteacht an phobail curtha i mbaol mar gheall ar an gcinneadh seo.