Tá sé socraithe gur ar an Luan a chuirfear scrúdú iar-bháis ar John CurranSan Aifric Theas. Fuarthas a chorp in árasán i gCape Town arú-inné. 

Ba as Teach Meallóg, i mBaile Átha Cliath ó dhúchas é John Curran, fear a raibh dhá bhliain caite aige mar oibrí carthanachta leis an eagraíocht Mellon Educate - eagraíocht a bhíonn ag obair le oideachais a chur ar pháistí bunscoile.

Thángthas ar chorp John Curran Dé Céadaoin in árasán i Cape Town. Chaith John Curran tamall ag obair ina Stiúrthóir Oideachais le Mellon Educate, áit ar chríochnaigh sé le déanaí.

Tuigtear gur ionsaíodh é le linn eachtra robála ina árasán sa chathair sin. Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ag cur tacaíochta ar fáil do theaghlach John Curran.

I ráiteas, dúirt Príomhfheidhmeanach Mellon Educate, Niall Mellon gur duine an-speisialta ab ea é agus go ndeachaigh sé i gcion ar na daoine ar chuidigh sé leo.

Bhí John Curran ina phríomhoide ar Scoil Náisiúnta An Dea Aoire i mBaile Átha Cliath ar feadh 15 bliain go dtí 2005.