Dúirt an t-iar Sheanadóir agus ball sinsearach de pháirtí Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar, Nioclás Ó Conchubhair le RTÉ Raidió na Gaeltachta, nach bhfuil ciall ná réasún leis an gcinneadh atá tógtha ag ceannaire Fhianna Fáil an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív, a bhriseadh as a phost mar urlabhraí ar ghnóthaí tuaithe agus Gaeltachta an pháirtí.

Is céim mhór ar gcúl é an cinneadh atá déanta ag ceannaire an pháirtí a deir Ó Conchubhair, go háirithe agus an páirtí ag iarradh iad fhéin a thabhairt chun cinn ar fud na hÉireann.

"B'fhéidir nach fada uainn Éire Aontaithe agus ba chóir a bheith ag réiteach an bhealaigh dhó" a deir ó Conchubhair.

Fógraíodh aréir nach mbeadh Éamon Ó Cuív ar bhinse tosaigh an pháirtí as seo amach.

Eascrann an t-achrann seo ar fad as ról Uí Chuív ag seoladh feachtas polaitíochta do Shorcha McAnespy i dteannta an Seanadóra Mark Daly i dTuaisceart Éireann.

IarChomhairleoir de chuid Shinn Fein is ea Sorcha McAnespy. Ní raibh cead faighte ag Eamón Ó Cuív ná ag Mark Daly ó cheanncheathrú an pháirtí leis an fheachtas a sheoladh.