Léirigh an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh fearg sa Dáil tráthnóna inné maidir leis an méid a dúirt an Taoiseach Leo Varadker faoi oibrithe sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus nár cheart daofa breis laetha a fháil saor ag an Nollaig.  

Tá plean na feidhmeannachta maidir le séasúir an gheimhridh le cur i gcrích inniu. Tá cáineadh láidir déanta ar an Taoiseach Leo Varadkar mar gheall ar an méid atá ráite aige.  

Rinne an Teachta Ó Dochartaigh cáineadh láidir ar an Taoiseach agus ar an Aire Sláinte Simon Harris sa Dáil inné.  

Dúirt sé gur mór an náire an méid a dúradh faoi na hoibrithe sláinte go háirithe agus iad faoi bhrú ollmhór sna hotharlanna mar gheall ar phlódú. Tá na daoine seo ag obair ó dhubh go dubh le seirbhísí a sholáthair don phobal, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.  

Dúirt sé go bhfuil sé tinn tuirseach ag iarraidh ar an rialtas cead a thabhairt an barda gearr thréimhse naoi leaba dhéag in otharlann Leitir Ceanainn a athoscailt agus nach bhfuil an rialtas ag déanamh faic faoin ghéarchéim atá sna hotharlanna.  

Dúirt sé fosta gur mór an náire an méid a dúirt an Taoiseach go háirithe nuair a chaith sé féin saoire na Nollag agus na bliana úire i Miami i 2014 ag am a raibh géarchéim mar gheall ar phlódú sna hotharlann agus é mar Aire Sláinte.