Tá póilíní san Astráil á rá gurb as an tSomáil don té a rinne an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i gcathair Melbourne go moch ar maidin (am na hÉireann).

Tá an grúpa ar a dtugtar an Stát Ioslamach ag maíomh gurbh iad a bhí taobh thiar den ionsaí.

D'ionsaigh an fear a raibh scian aige, triúr. Bhásaigh fear amháin ar an láthair agus ghoin sé beirt eile i lár na cathrach th'éis a 4.00 tráthnóna.

Ghabh na póilíní an fear, th'éis dhóibh é a chaitheamh san ucht. Bhásaigh sé ó shin san oispidéal.