Tá sé ráite ag Arlene Foster, ceannaire an DUP gur údar imní dhóibh go bhfuil rialtas na Breataine ag géilleadh ar theorainn chustaim a chur ar Mhuir Éireann mar chuid de shocrú Breatimeachta. 

Tuairiscítear sa nuachtán an Times of London go bhfuil cóip de litir acu ó Phríomh Aire na Breataine Theresa May go dtí ceannaire an DUP i dTuaisceart Éireann ina leagtar amach an socrú.

Léiríonn sé go ndeir an Príomh Aire May sa litir nach gceadófaí aon deighilt idir Thuaisceart Éireann agus an chuid eile den Bhreatain, céim go raibh cos i dtaca ag an DUP faoi. 

Tá an ráiteas seo ag cur imní ar an DUP atá den tuairim go bhféadfadh sé go gcuirfí an fhoráil sa dréacht den socrú deireadh.

Tá rialtas Theresa May ag braith ar thacaíocht an DUP le fanacht i gcumhacht i Westminster. Sa Bheilig a bhí Príomhaire na Breatainne Theresa May inniu ag comóradh deireadh an chéad Chogadh Domhanda.  

Ach foilsíodh an litir sa Times of London ar maidin, a bhí seolta chuig an DUP ina ndeir sí go bhfuil an tAontas Eorpach ag iarraidh teorainn chustaim a chur ar Mhuir Éireann muna dtiocfar ar shocrú faoin Bhreatimeacht.  

Ach, dúirt sí sa litir fosta nach mbeadh aon ghlacadh ag an Bhreatain le deighilt idir Thuaisceart Éireann agus an chuid eile den Bhreatain a chruthódh dhá dhúiche chusaim ar leith.

Tráthnóna, dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster go ndeimhníonn an litir go dtiocfaidh socrú cúlstad ar leith i bhfeidhm do Thuaisceart Éireann nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach agus go mbeidh teorainn chustaim ar Mhuir Éireann mar chuid de.  

Plean Chequers a thiocfadh i bhfeidhm don chuid eile den Ríocht Aontaithe, a dúirt sí. Ní bheidh aon ghlacadh ag an DUP le socrú ar leith don Tuaisceart, agus mar sin ní bheidh an páirtí sásta tacú leis na moltaí i Westminster, a dúirt sí.

Tá an DUP ag rá nach mbeadh glacadh ar bith acu leis an réiteach atá dá mholadh ag rialtas na Breataine ar cheist cúl-taca na teorann ar oileán na hÉireann.

Géilleadh a bheadh ann ag rialtas na Breataine, adeir an DUP, dá nglacfadh siad le teorainn chustaim ar mhuir Éireann mar chuid den socrú d'imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

Ag labhairt dó níos luaithe ag cruinniu de Chomhairle na Breataine-na hÉireann ar Oileán Mhanann, dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar cé go bhféadfadh cúrsaí dhul chun donais, gur féidir teacht ar shocrú faoin Bhreatimeacht ins na seachtainí le teacht.