Tá an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív briste óna phost ar bhinse tosaigh Fhianna Fáil.

I ráiteas a d'eisigh siad tráthnóna, dúirt Fianna Fáil go raibh an cinneadh déanta acu i bhfianaise ról Uí Chuív ag seoladh feachtas polaitíochta do Shorcha McAnespy i dteannta an Seanadóra Mark Daly i dTuaisceart Éireann.

IarChomhairleoir de chuid Shinn Fein is ea Sorcha McAnespy.  

Ní raibh cead faighte ag Eamón Ó Cuív ná ag Mark Daly ó cheanncheathrú an pháirtí leis an fheachtas a sheoladh.

Dúirt Fianna Fáil nach dtiocfadh le hÉamon Ó Cuív leanúint lena phost mar Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí.

Chaill an Seanadóir Mary Daly a dhualgas mar leas-cheannaire Fhianna Fáil sa Seanad aréir i bhfianaise an tseolta ó thuaidh.