Maraíodh dáréag, póilín ina measc in eachtra lámhaigh i gclub oíche i gCalifornia.

Deir póilíní go bhfuil an gunnadóir, David Long (28) a bhíodh ina mhuirshaighdiúir sna Stáit Aontaithe i measc na marbh.

Tharla an t-ionsaí roimh mheánoíche i gclub oíche Borderline Bar & Grill   in aice le Los Angeles.

Tuairiscítear go raibh tuairim is 200 duine sa chlub oíche  ag an am, mic léinn a bhformhór acu.

Ní fios go fóill céard ba chúis leis an ionsaí.