Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag póilíní san Afraic Theas i ndiaidh gur thángthas ar fhear as Éirinn marbh ansin.

Thángthas ar chorp John Curran inné in árasán i Cape Town.

Chaith John Curran tamall ag obair ina Stiúrthóir Oideachais le Mellon Educate, áit ar chríochnaigh sé le déanaí.

Tuigtear gur ionsaíodh é le linn eachtra robála ina árasán sa chathair sin.

Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ag cur tacaíochta ar fáil do theaghlach John Curran.

I ráiteas, dúirt Príomhfheidhmeanach Mellon Educate, Niall Mellon gur duine an-speisialta ab ea é agus go ndeachaigh sé i gcion ar na daoine ar chuidigh sé leo.

Bhí John Curran ina phríomhoide ar Scoil Náisiúnta An Dea Aoire i mBaile Átha Cliath ar feadh 15 bliain go dtí 2005.