Gearradh téarma príosúnachta bliana ar fionraí ar fhear gnó as Baile Chláir na Gaillimhe. Ciontaíodh Michael Jordan i mbás gluaisrothaí le linn dhó a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil i mí na Nollag 2015. 

Cuireadh cosc tiomána 2 bhliain ar Michael Jordan chomh maith.

Bhí Michael Jordan (50) as Cluain a’Cháinín, Baile Chláir ag ól i dteach tábhairne lena mhac sular buaileadh an gluaisrothaí.

I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe, phléadáil Michael Jordan  neamhchiontach i dtiomáint chontúirteach a raibh bás mar thoradh air.

Ina áit sin, phléadáil sé ciontach as cúis níos lú de thiomáint neamh-aireach. 

Phléadáil sé ciontach freisin i dtiomáint faoi thionchar an óil.

Bhí 177ml alcóil de réir 100ml fuil ina cholainn nuair a buaileadh an gluaisrothaí Michael Monaghan agus Michael Jordan ag fágáil teach tábhairne sa Chaisleán Gearr.

Dúirt Síle Monaghan, baintreach Michael Monaghan ina ráiteas tionchair íospartaigh a léigh a deartháir John Maher amach, gur íoc a fear céille lena shaol as neamhaird shotalach Michael Jordan ar an dlí.

Dúirt Síle Monaghan nach raibh lá ann nach smaoiníonn sí féin agus a triúr iníon ar a n-athair.

"Ní shuífeadh duine ‘iontach’ ar chúl an rotha stiúrtha faoi thionchar an óil, agus ní chuirfeadh sé a mhac 11 bliana d’aois sa suíochán tosaigh, an gcuirfeadh?"

Bhuel tá freagra na ceiste sin agaibh uilig," a dúirt Síle Monaghan.

Chuir Síle Monaghan i gcuimhne don chúirt gur fear mór pobail a bhí ina fear céile.

Chaith sé 23 bliain in Óglaigh na hÉireann, tréimhse dualgais sa Liobáin san áireamh.

"Teagascóir tiomána a bhí ann chomh maith i mbeairicí na Rinne Móire agus Áth Luain. Níor thiomáin sé aon chineál feithicle riamh faoi thionchar an óil."

Dúirt Síle Monaghan nach raibh fearg orthu leis an té a mharaigh a fear, ainneoin a dúirt sí "nárbh fhiú leis a leithscéal a ghabháil liom féin ná le mo chuid iníonacha."

"Lean Michael Jordan ar aghaidh lena shaol, gan bhriseadh, a dúirt sí, agus tá sé go fóill ag tiomáint."

"Ach dá ndéanfadh Michael Jordan an rud cneasta an oíche sin, agus gan tiomáint faoi thionchar an óil, ní bheimis anseo inniu," a dúirt sí.

D’iarr sí nach ngearrfaí téarma príosúin ar Mhichael Jordan.

"Tá súil agam go bhfuil aiféala air agus tá mé cinnte gur príosúnacht ann féin a bheidh ann dó a shaol a chaitheamh agus fios aige gur mharaigh sé fear chomh maith le m’fhear céile."

Ghearr an Breitheamh Rory McCabe  bliain amháin príosúnachta ar Michael Jordan agus chuir sé an téarma ar fionraí ar feadh trí bliana.

Chuir sé cosc air tiomáint go ceann dhá bhliain.

Níor tháinig Michael Jordan amach doras poiblí theach na cúirte i nGaillimh.