Bhí Gaelscoil Bharra agus CLG Naomh Fionnbarra i mbun agóide i gCabrach i mBaile Átha Cliath lena míshástacht a chur in iúil faoin fhad atá sé ag tabhairt ar an Roinn Oideachais obair fhorbartha a chríochnú.

Thosaigh conraitheoirí ag fobairt áiseanna pobail agus scoile thar ceann na Roinne Oideachais 2 bliain agus 9 mí ó shin, ach níl a gcuid oibre cur i gcrích go fóill.

Thug CLG Naomh Fionnbarra a seanpháirc imeartha ar lámh don Roinn Oideachais trí bliana ar maithe le foirgneamh nua do Ghaelscoil Bharra.

Níor críochnaíodh an pháirc imeartha a beartaíodh mar chuid den fhorbairt.

Deir an gníomhaí pobail, Nicky Keogh nach bhfuil mórán spás imeartha i lár na cathrach agus go bhfuil sé "scannallach go bhfuil na daoine óga gan pháirc de bharr míbhainistíocht na Roinne Oideachais."

Dúirt Príomhoide Ghaelscoil Bharra, Seán ó Donaile nach bhfuil aon nduine sa Roinn Oideachais sásta freagracht a ghlacadh as an moilleadóireacht.